Lá Fhéile Pádraig
Bhí ceiliúradh mhór againn do lá 'le Pádraig. Bhí na hullmhúcháin ar siúl ar feadh cúpla seachtain againn. Chan daltaí ó Ranganna a 3, 4, 5 agus a 6 sa chór agus ghlac siad páirt san aifreann Gaeilge ag a 10am sa séipeáil.
Tar éis an aifrinn, shiúl na daltaí ó gach aon rang sa mhórshiúl ag a 11.30. Bhí feistis deartha agus déanta ag na daltaí don mhórshiúl. Chabhraigh Cumann na dTuistí leis an daltaí ar feadh cúpla seachtaine roimh ré na feistis a dhéanamh bunaithe ar théama an mhórshiúl- An Todhchaí. Shamhlaigh na daltaí an todhchaí dóibh féin agus phlé siad conas na samhlaíochtaí sin a chuir i bhfoirm feisteas chun iad a léiriú. Chuir beirt dalta ó Rang a 6 an téama agus a smaointí i láthar ar an árdán.
Bhí sceitimíní áthais ar na daltaí uile ar feadh an deireadh seachtaine.
Míle buíochas do gach éinne a chabhraigh linn ar an lá.